Réamhrá – Straitéis Dhigiteach
- Naisc ábhartha eile
- Réamhrá – Straitéis Dhigiteach
- Ag Dul ar Líne
- Fiontar ar Líne
- Pobail ar Líne / Seirbhísí ar Líne
- Scileanna Digiteacha
Is éard atá i Straitéis Dhigiteach Chontae na Gaillimhe ná léiriú intinne agus tacaíochta d’fhorbairt dhigiteach an chontae, i dtréimhse ina bhfuil nascacht ag méadú agus úsáid níos airde á baint as seirbhís dhigiteach, teicneolaíochtaí digiteacha agus bonneagar. Tacóidh straitéis dhigiteach Chontae na Gaillimhe le daonra Chontae na Gaillimhe leas a bhaint as na hathruithe seo.
Íoslódáil cóip de Straitéis Dhigiteach Chomhairle Chontae na Gaillimhe
D'eascair conair Straitéis Dhigiteach Chontae na Gaillimhe as athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna agus straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana a bhaineann le claochlú digiteach ag leibhéal náisiúnta agus réigiúnach faoi na téamaí seo a leanas:
- Bonneagar digiteach
- Oiliúint, oideachas agus scileanna
- Nuálaíocht agus fás
- Fiontar agus fostaíocht
- Cuimsiú agus folláine
- Seirbhísí poiblí digiteacha
- Rochtain ar fhaisnéis
- Muinín, slándáil agus príobháideacht
Tá sé mar aidhm ag Straitéis Dhigiteach Chontae na Gaillimhe aghaidh a thabhairt ar na téamaí seo faoi cheithre cheannteideal
Is é an ról a bheidh ag Straitéis Dhigiteach Chontae na Gaillimhe ná a chur ar chumas níos mó daoine i nGaillimh dul ar líne agus an leas is fearr a bhaint as na leibhéil nascachta atá ar fáil.
Trí oibriú le chéile chun glacadh go hiomlán leis na buntáistí a d’fhéadfadh nascacht mhéadaithe a thabhairt agus na dúshláin a chomhrac, beimid ag cinntiú go mbeidh ár gcontae, ár réigiún agus ár dtír ar thús cadhnaíochta maidir le claochlú digiteach ar chósta thiar na hEorpa.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte